An é seo do chupán tae?

Os cionn mo chéile táim chun léimt isteach sa seanchath seo. Ní fuath liomsa an Béarlachas. Cuireann sé isteach orm ó am go ham, ach go ginearálta ní éirím ró-fheargach (mura bhfuil an rialtas taobh thiar de, nó Aerphort BÁC).

Níl móran le rá agam nach bhfuil pléite ag Antain Mac Lochlainn cheana féin (ní aontaím le gach aon rud a deir sé, áfach – sin blag eile) ach má chuirim cosc orm féin nuair atá rud éigin faoi thrácht cheana féin, beidh mé i mo thost go deo.

Tá gluaisteán ag mo chomharsa agus tá carr ag mo chol ceathrar. Tá rothar agamsa agus tá badhsacal ag m’uncail. Is leis na daoine atá an teanga agus níl cead ag éinne a srian féin a chur ar dhaoine – ní oibríonn daoine mar sin, agus athródh an teanga ar aon nós. Sure nach bhfuilimid in ann labhairt lena chéile?

De réir mar a théim ar aghaidh, foghlaimím focail nua. Is cuid den fhoghlaim é. Ach caithfear a admháil gurb é bun agus barr aon teanga ná cumarsáid a dhéanamh le daoine, agus nílim chun glacadh le rudaí nach bhfuil sothuigthe don té a bhfuilim ag labhairt leo.

gluaischarr.png

Cén saghas Béarlachais?

Tá cuma Ghaelach ar na focail seo thuas, agus ní car agus bicycle atá iontu go díreach.

Caithfear go bhfuil sé níos fearr focail Ghaelaithe a úsáid ná focal Béarla a úsáid i lár abairt Ghaeilge – ach ar a laghad, sa dara chás is abairt Ghaeilge atá ann go fóill agus d’éinne a bhfuil spéis acu sa tsochtheangeolaíocht bheadh fonn orthu fháil amach cén fáth go bhfuil an focal sin in úsáid in ionad aon fhocal eile.

Is rud iomlán difriúil é struchtúr nó comhréir an Bhéarla a úsáid chun abairtí Gaeilge a chur le chéile.

Tá mé Seán.

Tá mé ocras.

Tá mé ag déanamh é.

Agus tá cúiseanna taobh thiar de na mórpheacaí uilescriostacha teanga seo freisin. Álraidht tá siad iomlán míchruinn, ach ní leor tabhairt amach faoi seo; caithfear fréamh na faidhbe a aimsiú agus rud éigin a dhéanamh fúithi. Má dhéantar cur síos maith ar an struchtúr ceart, agus má thugtar deis an struchtúr a chur in úsáid, is féidir le scoláire é a chur i bhfeidhm.

Ar scoil, bhí go leor rudaí nach raibh ar eolas agamsa in aon chor. Ceart go leor, bhí mé in ann ‘Is mise Gráinne’ a rá, agus thuig mé gur chóir a rá go raibh ocras orm. Bhí an struchtúr ‘táim á dhéanamh’ ar eolas agam, ach d’fhoghlaim mé de ghlanmheabhair é. Ba mhinic a bhí marcanna dearga ar m’obair bhaile dá bharr sin ach níor mhínigh mo mhúinteoir iad, agus ní shin an t-aon rud nár míníodh sa sé mbliana a chaith mé ar an meánscoil.

Bhí mé sa dara bhliain ar an ollscoil sular thuig mé go raibh rialacha ar leith a athraíonn an struchtúr sin, ag brath ar inscne na bhfocal agus an uatha nó iolra atá ann. Anois, iarraim an rud seo a mhíniú go breá soiléir go luath le mo mhic léinn, agus ansin leanaim ar aghaidh chun tabhairt faoin tuiseal ginideach (rud eile nach raibh mé in ann é a úsáid go dtí gur shroich mé an Ollscoil).

Ní raibh a fhios agam fiú go raibh a leithéid de rud is inscne ann sa Ghaeilge go dtí go raibh mé naoi mbliana déag d’aois. Agus rinne mise an sean-Ardteist, nuair a bhí tuilleadh litríochta agus tuilleadh scríbhneoireachta ag teastáil chun marcanna a bhaint amach.

canterbury-prologue

Píosaí as Gargantua le Rabelais ón 16ú aois (thuas) agus sliocht as réamhra Canterbury Tales le Chaucer ón 14ú aois.

Athrú teanga, an cara is fearr liom

Nílim in ann Béarla na meánaoise a thuiscint. Nílim in ann Fraincis na linne sin a léamh gan deacracht agus tá céim bainte amach agam sa teanga, cúrsa déanta agam ar an bhFraincis áirithe sin. Tá céim agam sa Ghaeilge freisin agus fós táim go dona leis an nGaeilge Chlasaiceach – ach ní hí an Ghaeilge Chlasaiceach a bheadh in úsáid agam le héinne sa lá atá inniu ann.

Samhlaigh: an seanchló á bhrú ar dhaltaí scoile na linne seo cé nach bhfuil a fhios acu cén fáth go mbeadh séimhiú ann sa chéad áit.

Samhlaigh: an Ghaeilge, gan an córas litrithe atá anois againn. Gan aon chóras scríbhneoireachta, mar ba theanga labhartha í go príomha go dtí le déanaí.

Samhlaigh: litríocht na Gaeilge ag brath ina hiomlán ar fhoirmeacha traidisiúnta na Gaeilge – ní bheadh aon ghearrscéalta againn, ní bheadh aon fhilíocht chomhaimseartha againn. Seans nach mbeadh aon fhoghlaimeoirí againn ach an oiread.

Samhlaigh: teanga nár athraigh muid agus muid á labhairt. Sea, á labhairt – seachas í a chur sa reilig mar a bhíodh i ndán di.

Tionchar na dteangacha

Glacfaimis leis: bíonn tionchar ag teangacha áirithe ar a chéile. Is cúis bhróid dom go bhfuil nasc feiceálach idir an Ghaeilge agus an Fhraincis, agus leis na teangacha Románsacha eile. Le fada an lá dúradh go raibh baint ag na Normannaigh agus na Lochlannaigh le dul chun cinn na teanga. Agus tá ábhar ríspéisiúil ann dúinn, ó thaobh stair na teanga agus stair na tíre de.

Déanann sé dochar don teanga má deirtear gur leochaileach an rud í. Cuir ort go bhfuil sí ag éirí níos fearr léi ná sin agus beidh ionadh ort – tá sí mórthimpeall orainn agus is deas an scéal é (ainneoin na scéalta a fhoilsítear sna meáin Bhéarla!). Tuigim go rímhaith nach ndéanfadh achainí faic, ach b’fhearr liom fanacht ar an taobh dearfach den saol.

ordiphone.png

Focail nua agus cás na Fraincise boichte

B’fhéidir nach bhfuil seomra cosúil le room ach ní féidir a shéanadh go bhfuil cosúlacht idir é agus chambre. Tá focail iasachta ceart go leor mura bhfuil fréamh soiléir Béarla acu. Tuigimid go rímhaith cén fáth (an cóilíneachas, 700 bliain faoi smacht ag Sasana, srl) ach ní shin an pointe atá agam anseo – féach thíos chun blaiseadh a fháil den tionchar atá ag an mBéarla ar an bhFraincis.

Ar a laghad, tá ‘féinphic’ in úsáid againne chun cur síos a dhéanamh ar ghrianghraf a thógann tú díot féin – tá stádas foclóra bainte amach ag selfie sa bhFraincis. De réir stiúrthóir eagartha ón Grand Robert (foclóir mór le rá na Fraincise), caithfear «courir après la réalité sociale de la langue» nó rith i ndiaidh stad reatha sóisialta na teanga mar a labhraítear í. Caitseáil suas le cibé rud atá á rá ag daoine cheana féin. Is é sin le rá gur gá dóibh glacadh le téarmaí ó theangacha eile gan iad a aistriú gan leagan nua Fraincise a bhrú ar dhaoine mar tá na focail in úsáid ag daoine cheana féin. Bheifeá ag snámh in aghaidh an easa.

Fós féin dúirt coiste focal an Académie Française gur gá ordiphone a úsáid mar aistriúchán ar smartphone. Is dócha gurb as ‘ordinateur + telephone’ a thagann an ‘ordiphone’ sin (cosúil le ‘ríomhaire + guthán’ nó ‘ríomhghuthán’ sa Ghaeilge) agus deirtear go bhfuil sé cosúil le teideal a thabharfá ar cheann de na ríomhairí bréaga sin a thugtar do pháistí. Sa Ghaeilge, tá ‘guthán cliste’ nó ‘fón cliste’ againn agus ceapaimse go bhfuil sé seo míle uair níos fearr ná cás na Fraincise.

Ar ndóigh, tá focail dár gcuid féin againn do ‘internet’ an Bhéarla: ‘an idirlíon’. Deas, simplí, agus in úsáid ag daoine. Internet a úsáidtear sa Fhraincis, gan an t-alt. Anuas air sin, maíonn l’Académie Française gur gá ‘world wide web’ a aistriú ina ‘líon damhán alla domhanda’ nó an toile d’araignée mondiale. Dia linn, cad as a dtáinig an damhán alla san aistriúchán sin? B’fhearr liomsa an Gréasán.

botuneolaithe.png

Botúneolaí gairmiúil is ea an leaid seo

Ní focal é seo

Tá foclóir beag na Fraincise ann a dhéanann cur síos ar fhocail ‘nach bhfuil ann’ sa teanga – ach a úsáidtear go han-mhinic.

Mura dtaitníonn nath Béarlachais éigin leat, is féidir a mhaíomh nach bhfuil a leithéid de nath sa Ghaeilge – ach má tá focal nó frása in úsáid i gcomhthéacs Gaeilge, ag cainteoirí nó scríbhneoirí Gaeilge, a leithéid de théarma ann agus níl sé chun imeacht thar oíche – níl sé chun imeacht in aon chor, mar tá ról ar leith ag an bhfocal sa teanga chomhaimseartha.

So, seo duit é. Ní fuath liom an Béarlachas. Athraíonn teangacha, agus tá fórsaí níos láidre ag imirt tionchar ar an nGaeilge na laethanta seo ná cúpla focal Béarla. Cad mar gheall ar imeacht an chonsain chaoil? Má tá mo mhic léinnse in ann an t-idirdhealú a dhéanamh idir carr agus luas an chairr, is cuma sa tsioc liom cén focal a úsáídeann siad.

Mar fhocal scoir, mura bhfuil aon rud léite agat faoi mheon na ndaoine maidir le teangacha agus an tionchar a bhíonn aige seo ar fhoghlaim agus úsáid teanga, molaim duit caibidil 4 den leabhar seo a léamh, agus leathanach 612-621 anseo.

B’fhearr liomsa a bheith ar son na Gaeilge, seachas i gcoinne an Bhéarlachais. Ar aon nós, ceapaim gur féidir linn aontú lena chéile go bhfuilí namhaid ollmhór eile againn i saol na linne seo, agus is é sin an Googletranslateachas.

screen-shot-2016-10-22-at-14-58-50

Fadhb eile, ní thig le daoine séimhithe a chur isteach ná a fhuaimniú. Sin tionchar an Bhéarla, cinnte. Abair arís é: do chhhhhhupán…

Screen shot 2016-10-22 at 15.13.54.png

screen-shot-2016-10-22-at-15-16-43

Chun a bheith cothrom, tá an ceann seo níos fearr ná roinnt atá feicthe agam go dtí seo. Árasán.

 

 

Advertisements

One Comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s