Cad is aimsir bhreá ann?

Seo píosa scríbhneoireachta ón gcartlann! Anuraidh, thug an Dr Diarmuid Ó Sé dúshlán do mhic léinn Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge in UCD: aiste a scríobh faoin teidil ‘Is maith liom aimsir bhreá’. Bhí sé ag magadh, bhí a fhios againn – ach cé chomh deacair is a bheadh sé, teideal mar sin a thiontú ina aiste ollscoile?

Seo leagan leasuithe den aiste a scríobhas ansin, agus é curtha in oiriúnt don saol mar atá anois agam…

Ó thaobh na grianghrafadóireachta de, is iontach an rud í aimsir bhreá. Ní haon ghrianghrafadóir proifisiúnta mise, áfach, cé gurbh é ceann de na roghanna a bhí agam ar an CAO, shocraíos dul i dtreo na dteangacha sa deireadh thiar thall. Agus mé san ollscoil, bhíos ag obair le heagraíochtaí agus le cumainn ollscoile éagsúla chun grianghraif a thógáil. Is obair í sin, dar liom, agus tá taithí difriúla agam leis an ngrianghrafadóireacht mar chaitheamh aimsire.

Tugtar “amnochtadh” ar an méid ama a úsáidtear chun grianghraf a thógáil.Is féidir go leor rudaí a dhéanamh le ceamara má tá an ghrian ag taitneamh; de ghnáth, tógtar grianghraf i bhfaiteadh na súl. Is féidir amnochtach gearr a úsáid amuigh faoin ngrian mar tá roinnt mhaith solais ar fáil. Ansin bíonn na grianghraif an-soiléir.

9374392158_eafe0b2422_o

Páirc Uí Mhordha, Port Laoise. Íomhá scanta. Tógtha am éigin roimh 2013.

San oíche, má úsáidtear ceamara go huathoibríoch, níl sé in ann déileáil leis an dorchadas ar chor ar bith. Ar an dea-uair, is féidir rud eile ar fad a dhéanamh má tá an tuiscint agat. Is féidir an t-amnochtadh a leathnú amach ionas gur féidir níos mó solais a ligint isteach sa cheamara. Tugtar “amnochtadh fada” air.

4388350912_ddf4a82191_o.jpg

Eastát cónaithe, Port Laoise. Splanc + amnochtadh soicind. 25 Feabhra 2010.

Más gealach lán atá ann, is féidir grianghraf a thógáil ar feadh nóiméid agus dealróidh sé gur am eile an lae atá i gceist. Má tá sé gaofar, ar ndóigh, beidh luascadh na gcrann le feiscint mar ní fhanann siad in aon áit amháin.

4232083593_e023275ede_o.jpg

Grianghraf a thógas timpeall ar 1am, 1 Eanáir 2010.

É sin ráite, is féidir leat grianghraif a thógáil muna bhfuil oíche spéirghlán agat. Fiú le dorchacht oíche, is féidir soléireacht a bheith i do chuid grianghraf. Má úsáideann tú amnochtadh an-fhada sa dorchadas, de ghnáth bíonn an críochtháirge measartha geal.

Tá scil ar leith eile ag baint leis an stíl sin grianghrafadóireachta, ar a dtugtar “péinteáil solais”. Ar dtús, tá amnochtadh fada agat. Ansin, tógann tú solas éigin, mar shampla tóirse nó fón cliste, agus úsáideann tú é chun rud éigin a tharraingt san aer. Nuair a stopann an ceamara, tá pictiúr den rud a tharraing tú san aer ar an scáileán, i lár an ghrianghraif. Is feidir leat d’ainm a scríobh nó pictiúir iomlán a tharraingt – nó rud níos mó:

This slideshow requires JavaScript.

Ní bhraitheann sé sin ar an aimsir, mar is féidir leat rudaí mar sin a dhéanamh i do theach féin, ach is suimiúil na grianghraif a thógtar amuigh faoin spéir leis an teicníc sin, go háirithe más críoch-chomhartha nó foirgneamh aitheanta atá ann. Chomh maith leis sin, is é sin an fáth go mbíonn grianghraif ann a bhfuil tú in ann soilse na gcarranna a fheiceáil iontu mar stríoca:

15837276985_ca20d495a2_o

Faiche na Rás, BÁC. 

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an aimsir i gcúrsaí grianghrafadóireachta, cinnte. Ar an lámh eile, tá rudaí ann nach féidir a ghabháil le ceamara. Is áille an radharc atá ann nuair a thagann spalpadh gréine anuas tríd an bháisteach. Ar an drochuair, ní maith le haon duine a chuid ceamara a scriosadh le huisce, agus bíonn sé deacair grianghraf a thógáil den fheiniméan seo – nó domsa ar a laghad!

Nuair a dheinimse iarracht teacht ar an radharc is deise i mo chuimhne, ní théim ag féachaint ar sheanghrianghraif; smaoiním ar laethanta saoire m’óige. An chéad uair a thógas ceamara liom agus muid ag tabhairt cuairt bhliantúil ar Chorca Dhuibhne, nár dhein an ceamara é féin a fhormáidiú! Chailleas gach aon phictiúr agus bheartaíos gan iarracht eile a dhéanamh amach as sin. Sin mallacht daoibh: go bhformáidí do cheamara é féin díreach sula sábhálann tú na pictiúir!

Measaim go bhfuil sé i bhfad níos fearr nuair a thagann na pictiúir sin ar ais chugam as a stuaim féin ar aon nós,  cibé aimsir atá ann.

 

An é seo do chupán tae?

Os cionn mo chéile táim chun léimt isteach sa seanchath seo. Ní fuath liomsa an Béarlachas. Cuireann sé isteach orm ó am go ham, ach go ginearálta ní éirím ró-fheargach (mura bhfuil an rialtas taobh thiar de, nó Aerphort BÁC).

Níl móran le rá agam nach bhfuil pléite ag Antain Mac Lochlainn cheana féin (ní aontaím le gach aon rud a deir sé, áfach – sin blag eile) ach má chuirim cosc orm féin nuair atá rud éigin faoi thrácht cheana féin, beidh mé i mo thost go deo.

Tá gluaisteán ag mo chomharsa agus tá carr ag mo chol ceathrar. Tá rothar agamsa agus tá badhsacal ag m’uncail. Is leis na daoine atá an teanga agus níl cead ag éinne a srian féin a chur ar dhaoine – ní oibríonn daoine mar sin, agus athródh an teanga ar aon nós. Sure nach bhfuilimid in ann labhairt lena chéile?

De réir mar a théim ar aghaidh, foghlaimím focail nua. Is cuid den fhoghlaim é. Ach caithfear a admháil gurb é bun agus barr aon teanga ná cumarsáid a dhéanamh le daoine, agus nílim chun glacadh le rudaí nach bhfuil sothuigthe don té a bhfuilim ag labhairt leo.

gluaischarr.png

Cén saghas Béarlachais?

Tá cuma Ghaelach ar na focail seo thuas, agus ní car agus bicycle atá iontu go díreach.

Caithfear go bhfuil sé níos fearr focail Ghaelaithe a úsáid ná focal Béarla a úsáid i lár abairt Ghaeilge – ach ar a laghad, sa dara chás is abairt Ghaeilge atá ann go fóill agus d’éinne a bhfuil spéis acu sa tsochtheangeolaíocht bheadh fonn orthu fháil amach cén fáth go bhfuil an focal sin in úsáid in ionad aon fhocal eile.

Is rud iomlán difriúil é struchtúr nó comhréir an Bhéarla a úsáid chun abairtí Gaeilge a chur le chéile.

Tá mé Seán.

Tá mé ocras.

Tá mé ag déanamh é.

Agus tá cúiseanna taobh thiar de na mórpheacaí uilescriostacha teanga seo freisin. Álraidht tá siad iomlán míchruinn, ach ní leor tabhairt amach faoi seo; caithfear fréamh na faidhbe a aimsiú agus rud éigin a dhéanamh fúithi. Má dhéantar cur síos maith ar an struchtúr ceart, agus má thugtar deis an struchtúr a chur in úsáid, is féidir le scoláire é a chur i bhfeidhm.

Ar scoil, bhí go leor rudaí nach raibh ar eolas agamsa in aon chor. Ceart go leor, bhí mé in ann ‘Is mise Gráinne’ a rá, agus thuig mé gur chóir a rá go raibh ocras orm. Bhí an struchtúr ‘táim á dhéanamh’ ar eolas agam, ach d’fhoghlaim mé de ghlanmheabhair é. Ba mhinic a bhí marcanna dearga ar m’obair bhaile dá bharr sin ach níor mhínigh mo mhúinteoir iad, agus ní shin an t-aon rud nár míníodh sa sé mbliana a chaith mé ar an meánscoil.

Bhí mé sa dara bhliain ar an ollscoil sular thuig mé go raibh rialacha ar leith a athraíonn an struchtúr sin, ag brath ar inscne na bhfocal agus an uatha nó iolra atá ann. Anois, iarraim an rud seo a mhíniú go breá soiléir go luath le mo mhic léinn, agus ansin leanaim ar aghaidh chun tabhairt faoin tuiseal ginideach (rud eile nach raibh mé in ann é a úsáid go dtí gur shroich mé an Ollscoil).

Ní raibh a fhios agam fiú go raibh a leithéid de rud is inscne ann sa Ghaeilge go dtí go raibh mé naoi mbliana déag d’aois. Agus rinne mise an sean-Ardteist, nuair a bhí tuilleadh litríochta agus tuilleadh scríbhneoireachta ag teastáil chun marcanna a bhaint amach.

canterbury-prologue

Píosaí as Gargantua le Rabelais ón 16ú aois (thuas) agus sliocht as réamhra Canterbury Tales le Chaucer ón 14ú aois.

Athrú teanga, an cara is fearr liom

Nílim in ann Béarla na meánaoise a thuiscint. Nílim in ann Fraincis na linne sin a léamh gan deacracht agus tá céim bainte amach agam sa teanga, cúrsa déanta agam ar an bhFraincis áirithe sin. Tá céim agam sa Ghaeilge freisin agus fós táim go dona leis an nGaeilge Chlasaiceach – ach ní hí an Ghaeilge Chlasaiceach a bheadh in úsáid agam le héinne sa lá atá inniu ann.

Samhlaigh: an seanchló á bhrú ar dhaltaí scoile na linne seo cé nach bhfuil a fhios acu cén fáth go mbeadh séimhiú ann sa chéad áit.

Samhlaigh: an Ghaeilge, gan an córas litrithe atá anois againn. Gan aon chóras scríbhneoireachta, mar ba theanga labhartha í go príomha go dtí le déanaí.

Samhlaigh: litríocht na Gaeilge ag brath ina hiomlán ar fhoirmeacha traidisiúnta na Gaeilge – ní bheadh aon ghearrscéalta againn, ní bheadh aon fhilíocht chomhaimseartha againn. Seans nach mbeadh aon fhoghlaimeoirí againn ach an oiread.

Samhlaigh: teanga nár athraigh muid agus muid á labhairt. Sea, á labhairt – seachas í a chur sa reilig mar a bhíodh i ndán di.

Tionchar na dteangacha

Glacfaimis leis: bíonn tionchar ag teangacha áirithe ar a chéile. Is cúis bhróid dom go bhfuil nasc feiceálach idir an Ghaeilge agus an Fhraincis, agus leis na teangacha Románsacha eile. Le fada an lá dúradh go raibh baint ag na Normannaigh agus na Lochlannaigh le dul chun cinn na teanga. Agus tá ábhar ríspéisiúil ann dúinn, ó thaobh stair na teanga agus stair na tíre de.

Déanann sé dochar don teanga má deirtear gur leochaileach an rud í. Cuir ort go bhfuil sí ag éirí níos fearr léi ná sin agus beidh ionadh ort – tá sí mórthimpeall orainn agus is deas an scéal é (ainneoin na scéalta a fhoilsítear sna meáin Bhéarla!). Tuigim go rímhaith nach ndéanfadh achainí faic, ach b’fhearr liom fanacht ar an taobh dearfach den saol.

ordiphone.png

Focail nua agus cás na Fraincise boichte

B’fhéidir nach bhfuil seomra cosúil le room ach ní féidir a shéanadh go bhfuil cosúlacht idir é agus chambre. Tá focail iasachta ceart go leor mura bhfuil fréamh soiléir Béarla acu. Tuigimid go rímhaith cén fáth (an cóilíneachas, 700 bliain faoi smacht ag Sasana, srl) ach ní shin an pointe atá agam anseo – féach thíos chun blaiseadh a fháil den tionchar atá ag an mBéarla ar an bhFraincis.

Ar a laghad, tá ‘féinphic’ in úsáid againne chun cur síos a dhéanamh ar ghrianghraf a thógann tú díot féin – tá stádas foclóra bainte amach ag selfie sa bhFraincis. De réir stiúrthóir eagartha ón Grand Robert (foclóir mór le rá na Fraincise), caithfear «courir après la réalité sociale de la langue» nó rith i ndiaidh stad reatha sóisialta na teanga mar a labhraítear í. Caitseáil suas le cibé rud atá á rá ag daoine cheana féin. Is é sin le rá gur gá dóibh glacadh le téarmaí ó theangacha eile gan iad a aistriú gan leagan nua Fraincise a bhrú ar dhaoine mar tá na focail in úsáid ag daoine cheana féin. Bheifeá ag snámh in aghaidh an easa.

Fós féin dúirt coiste focal an Académie Française gur gá ordiphone a úsáid mar aistriúchán ar smartphone. Is dócha gurb as ‘ordinateur + telephone’ a thagann an ‘ordiphone’ sin (cosúil le ‘ríomhaire + guthán’ nó ‘ríomhghuthán’ sa Ghaeilge) agus deirtear go bhfuil sé cosúil le teideal a thabharfá ar cheann de na ríomhairí bréaga sin a thugtar do pháistí. Sa Ghaeilge, tá ‘guthán cliste’ nó ‘fón cliste’ againn agus ceapaimse go bhfuil sé seo míle uair níos fearr ná cás na Fraincise.

Ar ndóigh, tá focail dár gcuid féin againn do ‘internet’ an Bhéarla: ‘an idirlíon’. Deas, simplí, agus in úsáid ag daoine. Internet a úsáidtear sa Fhraincis, gan an t-alt. Anuas air sin, maíonn l’Académie Française gur gá ‘world wide web’ a aistriú ina ‘líon damhán alla domhanda’ nó an toile d’araignée mondiale. Dia linn, cad as a dtáinig an damhán alla san aistriúchán sin? B’fhearr liomsa an Gréasán.

botuneolaithe.png

Botúneolaí gairmiúil is ea an leaid seo

Ní focal é seo

Tá foclóir beag na Fraincise ann a dhéanann cur síos ar fhocail ‘nach bhfuil ann’ sa teanga – ach a úsáidtear go han-mhinic.

Mura dtaitníonn nath Béarlachais éigin leat, is féidir a mhaíomh nach bhfuil a leithéid de nath sa Ghaeilge – ach má tá focal nó frása in úsáid i gcomhthéacs Gaeilge, ag cainteoirí nó scríbhneoirí Gaeilge, a leithéid de théarma ann agus níl sé chun imeacht thar oíche – níl sé chun imeacht in aon chor, mar tá ról ar leith ag an bhfocal sa teanga chomhaimseartha.

So, seo duit é. Ní fuath liom an Béarlachas. Athraíonn teangacha, agus tá fórsaí níos láidre ag imirt tionchar ar an nGaeilge na laethanta seo ná cúpla focal Béarla. Cad mar gheall ar imeacht an chonsain chaoil? Má tá mo mhic léinnse in ann an t-idirdhealú a dhéanamh idir carr agus luas an chairr, is cuma sa tsioc liom cén focal a úsáídeann siad.

Mar fhocal scoir, mura bhfuil aon rud léite agat faoi mheon na ndaoine maidir le teangacha agus an tionchar a bhíonn aige seo ar fhoghlaim agus úsáid teanga, molaim duit caibidil 4 den leabhar seo a léamh, agus leathanach 612-621 anseo.

B’fhearr liomsa a bheith ar son na Gaeilge, seachas i gcoinne an Bhéarlachais. Ar aon nós, ceapaim gur féidir linn aontú lena chéile go bhfuilí namhaid ollmhór eile againn i saol na linne seo, agus is é sin an Googletranslateachas.

screen-shot-2016-10-22-at-14-58-50

Fadhb eile, ní thig le daoine séimhithe a chur isteach ná a fhuaimniú. Sin tionchar an Bhéarla, cinnte. Abair arís é: do chhhhhhupán…

Screen shot 2016-10-22 at 15.13.54.png

screen-shot-2016-10-22-at-15-16-43

Chun a bheith cothrom, tá an ceann seo níos fearr ná roinnt atá feicthe agam go dtí seo. Árasán.

 

 

Ar ghabh tú gach aon Phokémon go fóill?

Tháinig an aip Pokémon GO amach breis is mí ó shin anois, agus thosaigh na mílte daoine á húsáid. Ba í an aip is mó íoslódáil sa chéad seachtain sa siopa Apple (agus sna trí seachtaine i ndiaidh don aip teacht ar an bhfód, d’íoslódáil 35 milliúin duine é). Tá líon dochreidte úsáideoirí laethúla ag an aip freisin, rud a léiríonn an spéis a chuireann daoine inti agus cé chomh tarraingteach is atá sí.

Screen shot 2016-08-12 at 15.01.04

Buaicphointe laethúil na n-úsáideoirí ar roinnt de na haipeanna is mó ar domhan.

Coicís ó shin, scríobhadh alt faoin aip ar Nós, agus rinneadh saghas cur síos ar a bhfuil ar fáil sa chluiche. Níor aontaigh mé leis, ar bhealaí éagsúla. Taitníonn an aip sin go mór liom, mar a thaitníonn sé le daoine eile a bhfuil spéis acu in Pokémon agus in aipeanna a éascaíonn comhoibriú agus súgradh i ngrúpaí.  Cé go n-adhmhaím go bhfuil lochtanna ag baint leis; tá sé go maith, tá sé tarraingteach agus tá sé i bhfad níos spéisiúla dom ná Candy Crush Saga.

Agus é ar fáil ar feadh míosa anois, tá dhá uasdhátú mór déanta ag Niantic, an comhlacht atá taobh thiar den bhfeiniméan seo. Réitigh siad roinnt fabhtanna cheana féin, fadhb ollmhór an tseirbheálaí ina measc. Nuair a cuireadh an aip amach ar dtús, ní raibh daoine in ann é a úsáid de dheasca laigí an tseirbheálaí. An rud is spéisiúla a bhaineann leis sin ná gur lean daoine ag aghaidh leis in ainneoin na

Tá sé ráite acu go dtiocfaidh feidhmeanna nua isteach sa todhchaí, agus go mbeidh úsáideoirí in ann a gcuid peataí póca a mhalairtiú lena chéile – ceann de na rudaí is mó a chuireann leis na cluichí ar Nintendo Gameboy, DS, 3DS agus eile.

Ní raibh pioc ná Pog níos fearr ná na cluichí sin agus mé ag fás aníos, agus an Gameboy i mo phóca agam nuair a bhí an seans agam.

allgens

Na Pokéchluichí ríomhaire do Nintendo Gameboy, Gameboy Advance, DS agus 3DS. 

Tá cúpla sraith de na cluichí ann, ar a dtugtar ‘glúine’. Baineann Pokémon de shaghasanna difriúla leis na glúine uilig. D’éirigh rudaí measartha casta i ndiaidh don dara ghlúin a theacht i bhfeidhm, ach tá an comhlacht Nintendo fós ag treabhadh leo, ag cur leis an liosta agus ag cur mearbhall ar éinne a d’imigh na seanchluichí (rud nach gcuireann isteach ar an gcuid is mó den spriocmhargadh). Caithfear cluichí den saghas sin éabhlóid a dhéanamh ionas go bhfanann siad spéisiúil.

Agus sin atá i ndán don aip nua. Tá na mílte féidearthachtaí ann dó, an trádáil ina measc. Ná bíodh imní ort, nílim ag dul isteach sna mionphointí teicniúla.

Tarraingteacht na haipe

Ceapaim gur maith an rud é go bhfuil ábhar spéise ag páistí, déagóirí agus daoine fásta. Tá siad ar comhchéim lena chéile, go bhfios don aip.

Dar ndóigh, ta fadhb leis sin freisin, agus ní bheadh aon ionadh orm dá bhfeicfinn scéal faoi dhuine fásta a éiríonn feargach de bharr gur chaill siad an ‘troid’ le húsáideoir níos óige. Agus, is dócha gur féidir a rá gur uirlis atá ann do dhaoine fásta ag iarraidh mí-úsáid a bhaint as. Ní féidir liom é sin a shéanadh. Cinnim go nglacfaidh mé leis an taobh dearfach den scéal, áfach. Mar gheall ar na daoine fásta sin, na síceapataigh, is uirlís mí-úsáide é aon rud. 

Ach caithfear a rá go dtaitníonn an aip seo le daoine éagsúla. Nílim chomh scanraithe anois nuair a fheicim go bhfuil grúpa déagóirí fireann ina seasamh taobh amuigh den árasán; tá Pokéstop (áit a bhfaightear ‘liathróidí’ á úsáidtear chun Pokémon a fháil) agus Gym (áit a mbíonn babhtanna troda ar siúl inti) díreach in aice linn.

enda_kenny_presents_barack_obama_with_a_hurley

Ná bain úsáid as an gcamáin chun do Phoképheataí a bhualadh

Tá sé cosúil leis an mothúchán a airím agus mé ag siúl trí chathair Chill Chainnigh, nuair a fheicim go bhfuil camáin ag grúpa déagóirí. Is féidir liom iad a thrust níos mó ná aon déagóirí eile sa cheantar. Tá fios a gceirde acu, agus is cuma leo faoi aon rud eile.

Caithfidh mé a rá freisin go dtaitníonn an aip seo liom mar go dtugann sé spreagadh dom dul ag siúl. Nílim aclaí agus ní bheidh mé go deo. Bíonn drogall orm dul i mbun aclaíochta agus bíonn mo chúiseanna féin agam. Ach níl aon náire ag baint le Pokémon GO. Uaireanta sa chluiche, faigheann tú ubh a bhfuil Pokémon ann, agus caithfidh tú dul ar siúlóid go dtí go dtagann an Pokémon amach as an ubh. Simplí go leor. Tuigim go rímhaith nach ionann Pokémon nua agus mo chuid sláinte, ach tá sé an-éasca mo mhothúcháin agus mo chuid náire choirp a cheilt taobh thiar de.

An fhadhb is mó a bhí agam leis an aip go dtí seo ná go bhfaca bean ar an traen go raibh mé á úsáid, agus thosaigh sí ag rá rud éigin cosúil le ‘gasúir na laethanta seo, ná fuilid uilig greamaithe den rud céanna’ agus mar sin de. Ba chóir go raibh a fhios aici go raibh mé in ann  í a chloisteáil: bhí mé i mo shuí díreach in aice léi. Murach an fón póca, bheadh orm labhairt léi agus lena cairde cairdiúla – ceapaim go bhfuilim sásta lena bhfuil agam.

Féidearthachtaí don Ghaeilge?

Ceann de na rudaí is taitneamhaí faoin aip seo ná gur féidir leasainmeacha a thabhairt do do pheataí póca, rud nach féidir leat a dhéanamh ach uair amháin sna cluichí Gameboy agus DS. Ach le Pokémon GO, is féidir leat leasainmeacha a athrú arís is arís eile. Mar sin, shocraigh mé ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar m’fhoireann ón gcéad lá, agus bhí deis agam athshealbhú a dhéanamh ar an gcoincheap ar fad a bhfuil gaol agam leis ó 2002 nó mar sin de. Tuigim nach mise an t-aon duine a rinne é sin, ach is taitneamhach na féidearthachtaí a bhaineann leis!

driasc-karp.png

Rinne mé iarracht stair nó láidreachtaí na bPokémon féin a úsáid chun ainmneacha maithe a thabhairt orthu.Tá a fhios agam go bhfuil an aip sin ar fáil i dteangacha eile, ach cad mar gheall ar an nGaeilge? Má theastaíonn duine éigin chun ainmneacha na bPokémon a aistriú go Gaeilge, táim ar fáil gach aon lá sa tseachtain.

Seo cuid den fhoireann atá anois agam:

omoilleoir.png

Maith dom.

anportanach.png

Tá ceann eile agam agus tugaim Anraí air.

Cad a thugann tusa ar do Phoképheataí féin?

Fág trácht ar an mblag seo chun na leasainmneacha a roinnt liom, nó cuir tvuít chugam ag @grainnenim.

Caithfear gach ceann a ghabháil!

What is culture anyway?

 

And why should anyone want to be the capital of it?

With the announcement of European Capital of Culture 2020 in the pipeline, I throw out some thoughts on the process. I haven’t been actively involved in any one of the bid projects; I support each of them in their own way, and there’s a few things I’ve seen from the outside that I need to get off my chest. I started this with some questions, as I mean to go on!

On a fundamental level, the Capital of Culture programme allows for huge sums of money to be pumped into the selected regions. The irony in the entire European Capital of Culture title is that “cultural capital” is a nonsense concept built to keep normal people out of cultural institutions. To me, the whole point of Capital of Culture is to take the concept of and turn it on its head; take the idea of elitism and high-brow ‘culture’ and instill a sense of involvement across all spectrums of the community.

Culture:
The OED has an astounding number of definitions for culture. Let’s assume this is the one we’re mostly thinking about:

Culture, n. – 6. Refinement of mind, taste, and manners; artistic and intellectual development. Hence: the arts and other manifestations of human intellectual achievement regarded collectively.

It’s also where we get ‘cultivation’ from. Other entries in the same dictionary are all about farming, tillage, tending to the land and to its inhabitants.

What is being done to cultivate a sense of community in the ECoC2020 bids? What’s being done to foster growth among the people? It’s a question on the bid form but it doesn’t always get answered.

Culture isn’t a product; it’s not a tangible entity defined by music, dance, theatre, art. It’s a shared experience, encompassing visual and performing arts and the people who create and consume them. It also encompasses the people that don’t consume those things.

4113323306_12083b989e_o

Monopoly money! Image: Chris-Håvard Berge on Flickr.

Capital:
As for capital, this one’s easy. It’s money, or a resource of worth. You invest capital in a company so it can grow.

Put them together and we get…
Cultural capital, then, should mean a part of your culture that you invest in, in order to help it grow (or something you invest in your community, your people, in order to nurture them). These days, though, cultural capital mostly reminds me of that sort of person who goes to the opera so they can seem more impressive than they are. Or someone who goes to see a ‘foreign film’ because they get to tell their friends not about the film, but about the fact that they went to see it and wasn’t it only subtitled?

Anyway, this gets me to how utterly disappointed I am in some of the proposed events in the European Capital of Culture 2020 bids.

As you’ll know from my last post, Kilkenny Arts Festival holds a special place in my heart. From the beginning, I was overjoyed to see that The Three Sisters (led by Waterford) were in the race for the ECoC2020 title. I have invested a lot of my personal time (chronological capital?) in that city and I want to see it strive. The community feeling is powerful in Kilkenny City, Kilkenny County. Just look what happens when you give them a run for their money in the hurling (don’t; they won’t let you live it down). Shamefully, I know little about Waterford and Wexford, though I do know of the excellent reputation of Spraoi and Wexford Festival Opera.

Two of my siblings went to college in Galway, and I spent enough time at McDonagh’s to love the place (the city, not just the restaurant). I’ve hen-partied in the city and been to some excellent local gigs (‘hon the Róisín) and gotten poured on from the high heavens on Shop Street.

culture night

I passed Limerick every summer on the way to Dingle with my family when I was a kid. More chips. I also had the opportunity to go to some of the events for City of Culture in 2014, some of which were phenomenal and some of which fell flat. I worked in the Hunt Museum for Culture Night last year and met so many people who were there, in the city’s very active museum, for the first time. People who felt like they didn’t belong there except on Culture Night, because Culture Night shows everyone that they are accepted in so-called cultural spaces.

I worry that this feeling is lost on every single one of the other 364 days of the year.

How do each of the bid cities intend to involve their communities in their activities? Will their events be accessible to the actual general public? Will there be an outreach project for schools and community groups so people can feel like everything is open to them? How much will the tickets cost? Who can afford them? Will events and venues be wheelchair accessible?

I’m personally invested in arts and culture in this country. More and more, though, I feel like there’s a certain element of tooting your own horn just for the sake of it. Get the funding. Complete the project. Don’t actually think it out to the best of your ability – just get it to the point where it will work, take some pictures, move on.

I imagine this is partly due to the year-on-year funding process whereby cultural institutions in Ireland can’t actually plan in advance, and effectively live on scraps. That’s an argument for #ArtsDeptNow.

Are we asking for too much money? Are we asking for enough? Are we doing enough with it when we get it?

And here, what’s so great about street art and performance anyway? It’s interesting how street art has been incorporated into the bids, how it is assumed to have the power to initiate urban regeneration, how the use of street art to rejuvenate is somehow new and unheard of and going to change the world.

It might. It probably can.

But can you prove it? What are your measures of success? There’s a reason it’s one of the questions that needs to be answered in the bid process. It’s also not one I feel has been adequately answered. Look at Dublin’s initial bid. They posed pretty much the same question, and then failed at answering it.

Screen shot 2016-07-08 at 14.53.54

From Dublin’s initial bid book, p. 40/62 here.

Funnily enough, the Dublin bid included a lot about community, but I don’t know if I ever believed it. Plus there are a lot of negative pop-out quotes like the one above that are pretty off-putting at first glance.

There’s really no end to the questions posed in the lead-up to the ECoC2020 announcements.

Whoever wins the bid will have a lot to live up to. As of now, we don’t know how this will affect Ireland’s economy, Ireland’s cultural or social landscape, and of course the hosts. All I know is that we should all be pretty interested in getting some answers.

I’ll happily stand behind whoever gets the title and I hope everyone will be of a similar mindset.

After all, shouldn’t we make sure it’s a worthwhile investment?

 

Volunteering: Chicken soup for the soul or for the CV?

Shakespeare1_Slider

On June 25th I arrived at the Irish Museum of Modern Art for a 4-hour shift as an invigilator, and I stayed for eight hours. This was for a video installation as part of Two Suitcases (a project from Helium Arts and Health and CanTeen Ireland). The project sits somewhere beautifully between the realms of arts and youth engagement, which means it’s right up my alley. I’ve met a few people in my life who have chastised me for giving my time freely to things like this. I might as well explain why I do.

I was a quiet kid. I had more imaginary friends than I could count, and I didn’t socialise well until I was maybe ten or eleven years old. I spent secondary school struggling with peer pressure and feeling like an outsider in a new town. In 4th year, I had a truly inspirational theatre/poetry recital mentor, and I finally started to break out of my shell. In 2009, a family member moved to Kilkenny City invited me to stay for a week or two so that I could volunteer for Kilkenny Arts Festival. I was sixteen, and I had no idea how much my life was about to change.

The first year there, I was asked what my interests were and I said I liked photography. Hey presto, I was helping the festival photographer Colm Hogan to carry gear and cover the events. I am uncertain how much of a help I actually was – I’m actually pretty sure I was a hindrance – but I loved it. On top of that, I asked if I could do at least one event every day, and I tried to go see as many other events as I could. My teenage eyes were opened to theatre, poetry, dance, music, visual art, street performance and, above all, the incredible power of teamwork.

For the next few years, I aimed to work at least two events per day of each festival period and helping out in the office when I could. I delivered festival brochures, punched holes in volunteer name tags, brought people to their seats, gave directions in a city I had quickly grown to know and love, and sat for hours on end in the castle to guard over a sound installation with automatically programmed record players. I was treated like an adult, by the most fantastic and capable team, and truly felt respected as a worthwhile cog in the machine.

In the meantime, I also managed the band that won the Irish Youth Music Awards, worked with the Dunamaise Arts Centre and photographed Michael D, photographed a weekend-long festival, and volunteered with the Darklight Film Festival in my first year as a student in Dublin. I worked at the Cat Laugh’s Comedy Festival. I worked at Dublin Biennial 2014. I worked with GAZE Film Festival. I met the phenomenal team behind Once in Dublin and had the dream opportunity of interning with them last summer (paid – achieved solely because of my extensive volunteer experience). During my time in college, I filled my spare time with extra-curriculars, working with UCD’s LGBTQ+ Society and spending two phenomenal years with the visual arts society, UCD Drawsoc (incidentally, how I learned about Helium Arts and Health in the first place).

glowing-exhibition-background

Image: © Ross Costigan.

In 2013, the team in Kilkenny trusted me enough to put me in charge of other volunteers, and offered me a position as Venue Manager with Architects of Air. I was one of the youngest to be given this responsibility, I think largely because I’d proven in the previous four years that I was unhinged enough to work 12-hour days, and that I was trust-worthy. I took on the challenge with immense pride and buckets of nerves, and did my best to encourage the volunteers working with me.

I threw myself into everything I did and, every single time, I learned something new. There is no end to what you can figure out if you give yourself a chance and let somebody else give you a chance too. Volunteering is about so much more than filling out your CV. It’s about finding something that you love and helping to make it happen – whether that’s a comic convention, science conference, film festival, theatre production, pride parade or otherwise. When people are interested in something, they will congregate to celebrate it, and that celebration will invariably need a team to organise it.

So much of arts and cultural programming in this country would be completely impossible without the work of volunteers. The community understands the hard graft required to carry out such work, and of all the things I’ve done I have never experienced as much gratitude as I have when working with arts organisations. That’s my area, but I’m certain that other spheres work the same way.

62galway_arts_street_festival

Image source: GIAF.ie.

Galway International Arts Festival are currently looking for volunteers, as are Kilkenny Arts Festival. You can also keep an eye out on volunteering opportunities all over the country if you sign up to www.volunteer.ie.

If you’re volunteering for something purely to fill up your CV, make sure you make the most of it. At the end of the day, it’s your time that you’re giving away for free; don’t waste it for the sake of an extra line of text on an application.

Ask if you can help. See if there’s an extra step you can take to make somebody else have a better day (they’ll be more willing to do the same for you). Smile, make small talk, learn about the people and organisations you work with. Listen to people’s stories.

You will be the better for it. You will feel a greater sense of accomplishment for your actions.

There is no end to what you can do. You might surprise yourself.

 


Helium Arts and Health (CHY19236) gives a creative voice to children and teenagers in hospitals and healthcare settings through participatory arts programmes. Email info@helium.ie to find out more about volunteering, and you can donate directly to them by clicking here.

CanTeen Ireland is a nationwide support group for young people between the ages of 12 and 25 years who have or have had cancer. You can find out about volunteering with CanTeen and/or donating by clicking here.

 

Léirmheas: case/lang/veirs

Níl aon chur amach agam ar k.d. lang nó Laura Veirs.

Nuair a fógraíodh an t-albam/tionscadal seo case/lang/veirs, bhíos buartha mar níor chuala mé riamh faoi Laura Veirs, agus ní raibh ach dornán eolais agam faoi k.d. lang. Mo náire, bhí smaoineamh i mo cheann a dúirt go raibh sí seanfhaiseanta agus nach mbeadh aon mhaitheas ag baint léi do mo chluaise (am éigin, scríobhfaidh mé blag iomlán eile mar gheall air sin).

Thángas ar Neko Case den chéad uair agus í ag canadh le The New Pornographers, banna a chuaigh go mór i bhfeidhm orm timpeall ar cheithre bliana ó shin. Bhíos ar bís nuair a thugas faoi deara go raibh saothar aonair ag Case freisin, agus thaitin Middle Cyclone go mór liom.

San albam seo, tá Case ag obair le beirt sáramhranaí eile, agus ní raibh aon rogha agam (nó ag mo chroí, is dócha) ach éisteacht leis!


Tá cuma traidisiúnta ar na hamhráin ar case/lang/veirs, ó thaobh na scríbhneoireachta de, a bheadh taitneamhach do éinne a bhfuil spéis acu in The Carpenters, nó fiú Fleetwood Mac. Ar ndóigh, má thaitníonn aon duine de na hamhránaí féin leat cheana féin, ní bheidh go leor fadhbanna agat leis an gcnuasach amhrán seo.

I kissed you in the morning
but only in my mind’s eye
the smell upon your skin is fireworks

Is iad buaicphointí an albaim ná na hamhráin ina bhfuil guth Neko le cloisteáil go láidir (is dócha freisin gurb in an claonadh atá agam) agus ní bheadh aon iontas orm dá dtaitneodh na cinn eile le leantóirí k.d. lang agus Veirs.

All the greens of June
Come blowing through the door
They make me wanna live
Like I never have before

Cinnte go gceapfaidh daoine éagsúla go bhfuil sé seo beagáinín iomarcach, ach de ghnáth is maith liom amhráin a cheiliúrann an saol. Tá fuinneamh ar leith sna focail; samhlaím ceolchoirm in áit éigin nach bhfuil ró-mhór (ná ró-bheag) agus an lucht féachana ar fad á chanadh le chéile.

case lang veirs 2

Tá blaiseadh de sin san amhrán ‘Best Kept Secret’ freisin. Tá an badada badada badada a chum Case ar cheann de na rudaí is mó a thaitníonn liom anseo, agus tá sé an-chosúil le cur chuige na New Pornographers ar an albam is déanaí ach go háirithe.

I’m out in the cold
I gaze through your window
The music’s on
I’m watching you sway

Ní maith liom an t-amhrán ‘1,000 Miles’ ó thaobh an cheoil de. B’fhéidir go dtaitneodh sé le daoine eile ach tá fuaim an-aisteach taobh thiar de na focail. Ar mhaithe leis an léirmheas seo, táim tar éis cúpla babhta a chaitheamh leis agus cuireann sé isteach go mór orm. Ina theannta sin, ní maith liom na liricí in aon chor. 0/10, ní mholfainn é.

Maidir leis sin, ní bhíonn a fhios agat cé a scríobh na liricí nó fiú an ceol sna hamhráin seo mura bhfuil sé ráite acu go poiblí. Is dócha gur chumadar le chéile iad, agus gur fhásadar go nadúrtha. Is maith an rud é, mar ní bheinn in ann a rá gur le duine amháin iad na hamhráin.

NC: I was proud of us for getting through that and not resenting each other or feeling weird. It was kind of like being in Harry Potter and Dumbledore going, “OK, Harry, I’m going to be under this spell and I’m going to beg you to give me water, but no matter what, don’t give me the water.” And Harry having to look at Dumbledore suffering and say, “Sorry, dude, but I can’t give you the water because the song is going to suck if I do.” It wasn’t quite that dramatic, but that’s the only metaphor I can think of for it.
– Neko Case, Lenny Letter.

Is dócha gur ómós atá i gceist leis an amhrán ‘Song for Judee’, rud atá ann in ‘Best Kept Secret’ freisin, ach b’fhéidir nach n-oibríonn an ceann seo de dheasca an uireasa eolais atá agam faoi ‘Judee’. Nuair a tháinig ‘Best Kept Secret’ amach, rinneadh scéal as, agus labhradar faoin duine atá mar ábhar ann. Anseo, níl aon nasc ‘samhalta’ agam leis an duine, ach fós féin is amhrán spraíúl é.

case lang veirs 3

Tá blaiseadh de She & Him sa cheol, ach dar liom tá iarracht níos fearr déanta acu anseo rud éigin a chruthú gur féidir leat é atá sochreidte. Thaitin She & Him liom ar dtús ach d’éiríodar ró-mhilis tar éis tamaill.

Tá fad maith ag an albam, ag 43.34, ach fós féin ceapaim go bhfuil sé rófhada. Ar an iomlán, thabharfainn 7.5/10 dó. Taitníonn sé liom, cinnte, ach braithim go bhfuil laigí ar leith ag baint leis freisin. Tá 16 amhrán san áireamh. De ghnáth, bheinn lán-sásta leis an méid sin, ach anseo tá sé iomarcach. Is féidir neamhaird a thabhairt ar na cinn nach dteatnaíonn leat, áfach, agus beidh albam deas gonta agat! iTunes abú.

Beidh an t-albam ar fáil ar an 17 Meitheamh. Idir an dá linn, is féidir éisteacht leis, buíochas le NPR, má chliceálann tú anseo.

Mholfainn: Blue Fires, Behind the Armory, Best Kept Secret, Georgia Stars, The Greens of June, Supermoon

Sheachnóinn: Song for Judee, Honey and Smoke

Scriosfainn: 1,000 Miles

Cé a ritheann an domhain?

bey

An bhanríon féin, mar a deirfeá. 

Ní éistíonn gach éinne lena cuid ceoil. B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach aon duine cé hí. Ach nuair a chuireann Beyoncé albam amach, bíonn na mílte daoine ag caint faoi.

Díoladh 485,000 cóip den albam nua Lemonade in aon seachtain amháin sna Stáit Aontaithe, gan trácht ar an airgead a thuill sí ó dhíolacháin i dtíortha eile agus ón seinnteoirí idirlín Tidal. Anuas air sin, tá an méid sin cumhachta aici cheana féin gur féidir léi a chinntiú nach mbeadh daoine in ann éisteacht leis an albam gan clárú le Tidal nó gan é a cheannach ar iTunes.

Is é Lemonade an séú albam a chuir Beyoncé le chéile, agus tá cuma ar an scéal go bhfuil na hamhráin bunaithe ar a saol pearsanta féin (is é sin le rá go bhfuil na liricí ag caint faoi fear a thréag a bhean chéile agus faoi argóint leanúnach idir an bheirt). Nuair a cuireadh Lemonade amach bhí fonn ar dhaoine míniú a thabhairt do gach aon amhrán agus do gach aon leid a bhí iontu mar gheall ar chaidrimh phearsanta an amhránaithe.

Chuir an t-albam leis an ráfla a bhí ag dul timpeall go mbeadh Beyoncé agus a fear chéile, Jay Z, chun scaradh óna chéile agus go raibh cailín cara eile aige. Bhí a lucht éisteachta agus na meáin araon ag iarradh a fháil amach cé hí “Becky with the good hair”, duine a luaitear san amhrán ‘Sorry’. Is cosúil nach bhfuil aon bhaint ag aon Becky leis an scéal atá á insint aici; an úsáideann sí ainm ginearálta chun tagairt a dhéanamh do gach aon duine a dhéanann adhaltranas? Nach mór an tseift é scéal domhanda a dhéanamh as scéal pearsanta, agus ansin na mílte albam a dhíol.

Albam físeáin nó albam scannáin atá in Lemonade. Ní hé go mbaineann físeán ar leith le gach aon amhráin: is scannán iomlán atá ann, agus craoladh ar an gcainéal HBO é nuair a cuireadh an t-albam amach den chéad uair. Is é sin an difríocht is mó idir a halbam deireanach, Beyoncé, agus Lemonade; tá scéal iomlán le hinsint aici anois.

mike brown

Mike Brown, a maraíodh i mí Lúnasa 2014. 

Tá daoine gorma na Stát Aontaithe tar éis an iomarca ama a chaitheamh faoi scáth na ndaoine geala. Le déanaí, tá go leor daoine tar éis a mbáis a fháil go foréigneach sna Stáit Aontaithe de dheascaibh dhath a gcraicinn. In Lemonade, feictear máithreacha Trayvon Martin agus Mike Brown (thuas), agus déantar cur síos láidir, ealaíonta ar an streachailt a bhaineann le ciníochas na linne seo. Ní saothar é Lemonade atá dírithe ar dhaoine geala, agus ní drochscéal é sin.

Déantar gearáin fúithi, cinnte. Deirtear go bhfuil sí róghnéasach, go bhfuil drochthionchar aici ar mhná óga, agus gur drochamhráin atá á gcanadh aici.

Ach is ise a roghnaigh an sort scéil a bheadh á insint nuair a tháinig Lemonade amach. Ní trí thimpiste a scríobhadh na hamhráin (tá níos mó ná deichniúr scríbhneoir luaite le roinnt díobh) agus ní trí thimpiste a cuireadh an chúlchaint i mbéal an phobail. Sa lá atá inniu ann, bíonn na meáin ag caint faoi mhná mar uirlisí gnéis agus mar ábhair chonspóide. Tá Beyoncé tar éis smacht éigin a chur ar chumhacht na meán agus is léi féin atá a scéalsa anois. Anuas air sin, déir sí go han-soiléir go bhfuil sí ar comhchéim leis an bhfear sa scéal:

You might just be a black Bill Gates in the making /

I might just be a black Bill Gates in the making

beyonce-lemonade-47

Is féidir le Beyoncé daoine a spreagadh chun a bheith muiníneach astu féin. Is féidir léi obair a dhéanamh le carthannachtaí gan aon cheannteidil a lorg (cé go scríobhtar iad ar aon nós). Is féidir léi na mílte albam a dhíol thar oíche. Is féidir léi insint an scéil a chur ar ais i lámha agus i mbéil na mban agus na ndaoine gorma.

Ní féidir linne ach fanacht go bhfeiceann muid an chéad chleas eile.