2016 – Dhá leathbhás

Gach rud bunoscionn seachas an leanbh
Ag teacht ar an saol go luath agus an phlacaint romham, previa

Altraí.

Gearradh.

Ciúnas.

Níl sé de nós againn a bheith róghlórach;

Is mise an duine is ciúine sa chlann.

***

Trí bliain is fiche ina dhiaidh
– an breithlá a bheadh agam dá mbeinn níos foighní an chéad uair –
agus tá siad ag fás inti go hurchóideach.

Tagann an cnap amach trí mo ghearradh breithe féin,
agus cuirtear lúba nua sa tseansraith.

Is ise an duine is cróga sa chlann.

Advertisements