Ag ullmhú CV Gaeilge

Treoirbhlag maidir le CV Gaeilge a chur le chéile. Faighim neart CVanna isteach thar rphost sa phost atá agam (agus fuair i bpost a bhí agam cheana) agus tá patrún le feiceáil. Ba mhaith liom neart moltaí a thabhairt le gur féidir leat feabhas a chur ar do CV.

An doiciméad

  • Déan é ar bhealach a dhéanfaidh an jab níos éasca don duine ar an taobh eile: bíodh gach rud inchóipeáilte go héasca, ná bíodh dathanna randamacha i bhfeidhm, ná bíodh sé ar chúlra dubh nó dorcha (ar eagla go mbeidh an fostóir ag cló amach an doiciméid ar pháipéar).
  • Ná bíodh dathanna rógheala ann ná ná bíodh codarsnacht lag ann; samhlaigh go mbeifear á chló amach dubh agus bán, agus go bhféadfadh duine atá dathdhall a bheith ag plé leis.

Ag athrú an CV don ról

  • Má tá an post uait, ná cuir isteach an CV ceanann céanna a d’úsáid tú don iarratas deiridh a rinne tú
  • Gach ról a bhí agat go dtí seo, smaoinigh go géar air agus abair rud éigin faoi, agus abair rudaí a bhaineann le hábhar don phost a bhfuil tú ag cur isteach air
  • Mura bhfuil aon bhaint ag iarphost leis an ról nua, ná bíodh brú ort an-chuid a rá faoi, ach is fiú rud éigin a chur síos le taispeáint cén saghas oibre a rinne tú.

Ábhar an doiciméid

  • Tús – ainm, sonraí teagmhála
  • Ní gá lá breithe a chur leis – beidh d’aois soiléir ar aon nós (a bheag nó a mhór) bunaithe ar an eolas oideachais a thugann tú
  • Ní gá eolas pearsanta ar nós inscne a chur síos
  • Tá níos mó agus níos mó CVanna á bhfeiceáil agam agus forainmneacha liostáilte (Is maith liom féin é seo ach tuigim cúiseanna nach mbeifí á lorg sin ná ag iarraidh é a chur ar CV – rogha pearsanta is ea aon rud a chuireann tú leis agus glacaim leis go dtuigfidh tú féin cá sheasann tú air sin)
  • Poist / róil a bhí agat, nó an ‘taithí oibre’ atá agat: le cur isteach in ord ama barr (ceann reatha/ceann is déanaí) go bun (ceann is sine). Má bhí dhá jab agat ag an am céanna, cuir in ord iad bunaithe ar an gceann a thosaigh tú i dtosach
  • Oiliúint/Oideachas: arís, na rudaí seo le cur in ord – bain amach torthaí an Teastais Shóisearaigh a luaithe is atá an Ardteist agat (mar an gcéanna le GCSE/A Leibhéil)
  • Deireadh – is féidir moltóirí a chur leis nó is féidir iad a fhágáil ar lár; is maith liom iad a chur leis, agus tá a fhios ag na daoine atá agam go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leo mar gheall orm. (B’fhiú an comhrá sin a bheith agat le do mholtóirí, díreach an chéad uair, le rá go bhfuil tú chun iad a chur ar an CV go leanúnach.)
  • Ná téigh thar dhá leathanach mura bhfuil cúis an-mhaith agat
  • Bain leas as pointí urchair mar atá anseo, agus úsáid gach líne ina iomlán – ná fág focal amháin ina aonar ar an dara líne de phointe urchair; bain rud éigin nó smaoinigh ar rud eile is féidir a rá sa phointe céanna
  • Bí gonta. Níl gá le habairtí iomlána, mar shampla: Bhí mé i gceannas ar dheochanna a dháileadh ar chliaint agus bhí orm an beáir a choinneáil glan = dáileadh deochanna ar chliaint, glanadh an bheáir
  • Cinntigh go bhfuil gach eolas cruinn agus go bhféadfá ceist agallaimh a fhreagairt mar gheall ar gach rud a luann tú – mura bhfuil tú ag iarraidh ceist a fhreagairt faoi, athraigh nó bain amach é!
  • Cinntigh go bhfuil formáidiú leanúnach ann, go bhfuil an chlófhoireann chéanna in úsáid tríd síos (agus gur gnáth-chlófhoireann é a bheadh ar ríomhairí éagsúla, e.g. Calibri nó Arial). Más clófhoireann neamhghnách atá in úsáid agat, bí cinnte go bhfuil sé éasca le léamh. Sábháil an doiciméad mar PDF agus tiocfaidh an chlófhoireann slán; má sheolann tú Doiciméad Word, mar shampla, tá seans nach mbeidh clófhoirne neamhghnácha ar ríomhaire an fhostóra.

An fógra poist

  • Déan tagairt choinsiasach do na rudaí a luaitear sa bhfógra poist
  • Úsáid an fhoclaíocht a úsáideann an fostóir. e.g. má tá siad ag lorg duine le bheith ag obair go neamhspleách, cuir béim ar thaithí atá agat leis sin agus úsáid an focal sin ar a laghad uair amháin.
  • Má tá siad ag lorg caighdeán ard Gaeilge mar shampla, abair cé na cáilíochtaí atá agat. Cuimhnigh gur féidir do CV agus litir chumhdaigh a mheas go han-éasca maidir le do chaighdeán Gaeilge freisin. Is fiú féachaint siar ar an rud ar fad uair amháin eile fós le cinntiú go bhfuil gach rud i gceart sula gcuireann tú isteach é.
  • Más post Gaeilge atá ann, bíodh an CV go hiomlán i nGaeilge agus sábháil é le hainm Gaeilge. Féachann droch-CV Gaeilge níos fearr ná dea-CV Béarla más ról Gaeilge é!

Tagairtí / Moltóirí

  • Ní gá iad a chur le do CV, ach éascaíonn sé an próiseas don bhfostóir má bhíonn siad ann (agus fios ag na daoine go bhfuil tú ag cur isteach ar phoist)

An litir chumhdaigh

  • D’ainm féin agus do sheoladh ar barr ar dheis
  • Ar líne nua, fós ar dheis, an dáta
  • Ar líne nua, ar clé, ainm agus seoladh an chuideachta, agus ainm duine faoi leith más eol duit cé a bheidh ann
  • Ar líne nua, sa lár, teideal an róil agus é i gcló trom
  • Líne nua fós, beannaigh don té a léifidh an litir; cuimhnigh gur cheart teideal an duine a úsáid má tá ceann faoi leith acu
  • Ní gá mórán de chúlra a thabhairt fút féin ach tá tú ag iarraidh comhthéacs a thabhairt don taithí luaite sa CV, labhairt faoin bhfáth go bhfuil tú ag cur isteach ar an ról, agus aon rud eile nach dtiocfadh trasna ón CV
  • Abair cé na dátaí sa chéad cúpla seachtain eile nach bhfuil teacht ort – ní gá míniú a thabhairt faoi cén fáth nach mbeidh tú ar fáil ach léiríonn sé go bhfuil tú ag smaoineamh ar bheith ar fáil le haghaidh agallaimh.
  • Má deirtear sa sonrúchán poist go mbeidh na hagallaimh ar siúl lá faoi leith, bí cinnte gur féidir leat a bheith ar fáil, agus luaigh sin i do litir.
  • Sábháil mar PDF. Fágann seo nach féidir le héinne athrú a dhéanamh ar an téacs agus go dtaispeánfar aon fhormáidiú a chuir tú i bhfeidhm i gceart.
  • Bíodh ainm ciallmhar néata ar gach rud. Níl an fostóir ag iarraidh doiciméad a fheiceáil atá ainmnithe ar nós ‘CVGeailge final final THIS ONE’.

An doiciméad agus an ríomhphost

Is léiriú do chuid comhad agus a n-ainmneacha ar an saghas oibre a dhéanann tú – má tá siad míshlachtmhar, níl tú ag tabhairt an seans is fearr duit féin chun marcanna a bhuachaint. Is féidir a mhaíomh go bhfuil tú an-mhaith le Microsoft Word ach má tá an comhad leagtha amach i 5 chlófhoireann éagsúla, agus le méideanna difriúla, níl tú á léiriú sin. Cuir teideal soiléir, oiriúnach ar aon doiciméad a sheolann tú.

Tá an rud céanna fíor faoin ríomhphost a chuireann tú in éindí leis an iarratas. Den chuid is mó níor cheart go mbeifí do do mharcáil ar leagan amach an ríomhphoist féin, ach molaim go láidir go mbeidh ríomhphost gearr néata soiléir agat.

NB: ní hé an ríomhphost féin an litir chumhdaigh. Má lorgaítear CV agus litir chumhdaigh, tá trí rud i gceist: an CV, an litir chumhdaigh, agus an ríomhphost a sheolann tú chun an dá rud sin a chur isteach.

Tá súil agam go mbeidh sé seo úsáideach!

Leave a comment