Dialann Díoltóir Leabhar 7 – Ceisteanna a chuidíonn liom teacht ar leabhair Ghaeilge do pháistí

Seo liosta ceisteanna a chuidíonn liom mar dhíoltóir leabhar teacht ar leabhair a thaitneoidh (tá súil agam!) leis an duine óg i do shaol.

I dtosach báire, bíonn orm a mhíniú go minic go bhfuil níos lú teidil Ghaeilge ar fáil ná teidil Bhéarla toisc méid an mhargaidh. Mar sin, b’fhéidir go bhfuil a fhios agat go díreach cén rud atá uait, ach seans chomh maith nach bhfuil an rud áirithe sin ar fáil ar an margadh.

  • Cén aois atá ag an bpáiste atá i gceist agat? (Tá sé spéisiúil an méid daoine nach mbíonn seo ar eolas acu, go háirithe más bronntanas atá ann.)
  • An leatsa an páiste nó an col ceathrar, niblín, cara teaghlaigh atá i gceist?
  • Cén caighdeán Gaeilge atá ag an bpáiste? Agus an bhfuil leabhair Ghaeilge sa teach cheana féin nó an é seo an chéad cheann? (Má tá leabhair Ghaeilge sa teach cheana féin, ar ndóigh ba mhaith linn fios a bheith againn cad iad! Agus an dtaitníonn siad leis an bpáiste. Mura bhfuil a fhios agat, beimid buartha go molfaimid leabhar atá ann cheana!)
  • An bhfuil leabhair faoi leith in úsáid acu ar scoil? Ar mhaith leat leabhar eile a roghnú, nó an bhfuil ceann acu ar scoil a thaitníonn go mór leo?
  • Cén sórt scéil a thaitneodh leo?
  • An bhfuil taithí acu le canúint faoi leith?
  • An bhfuil siad ag léamh as a stuaim féin?
  • Ar tógadh le Gaeilge nó le teanga eile iad?
  • An bhfuil siad ag freastal ar scoil Ghaeilge nó Bhéarla?
  • An bhfuil ainmhí faoi leith a thaitníonn leo?
  • Ar mhaith leat béim a chur ar phictiúir nó téacs?
  • An maith leo éisteacht le ceol? An bhfuil seinnteoir dlúthdhioscaí sa teach?
  • An bhfuil duine fásta ann chun an leabhar a léamh leo? An bhfuil an duine fásta sin compordach ag léamh os ard?

Tá luaite agam in áiteanna eile nach ionann an leibhéal léitheoireachta i nGaeilge agus i mBéarla, ach go mbítear ag iarraidh córas aoiseanna an Bhéarla a bhaisteadh ar pháistí ag léamh as Gaeilge. Munarb é an chéad teanga é, is deacra an teanga a léamh ná an chéad teanga. Bímid millte ag an rogha ollmhór atá ar fáil sa Bhéarla. Ach is é an rud is tábhachtaí dar liom i gcónaí ná go roghnaítear leabhar is féidir leis an bpáiste tairbhe a bhaint as. Má leabhar é “do pháistí níos óige”, tá sé sin go breá. Cleachtadh a dhéanann léitheoirí láidre neamhspleácha!

Leave a comment