Dialann Díoltóir Leabhar 8 – Ag oscailt rannóg athláimhe

Bhí rannóg leabhar athláimhe ar liostaí smaointe bhainisteoirí An Siopa Leabhar le blianta sular leag mise cos san áit. Bhí a fhios agam ó thús go raibh sé ar bharr mo liosta féin, cé nár admhaigh mé sin (ná mórán) do Mhaitiú Ó Coimín ag an am.

Theastódh pleanáil chúramach le go bhféadfaimis seo láinseáil go héifeachtach. Theastódh taighde agus comhairle. Theastódh stoc, agus polasaí maidir lena fháil. Theastódh spás, agus saineolas, agus córas. Theastódh foclaíocht.

Rinne mé an taighde, agus fuair mé comhairle iontach ó shiopaí eile, go háirithe ó Tomás Kenny. Thóg muid stoc tosaigh isteach, chum muid polasaí maidir le glacadh le hábhar (ná bíodh múscán ar aon rud, le bhur dtoil!). Bhí orainn rudaí a bhogadh timpeall, cúpla seilf a aimsiú a bheadh oiriúnach mar thúsphointe. De réir mar a bhailigh mé féin eolas, thug mé ar aghaidh é don bhfoireann (nó cuid de; tá freagracht an eolais agamsa, le gur féidir leosan spraoi a bhaint as an jab páirtaimseartha gan a bheith sáinnithe sna mionsonraí). Shocraigh muid ar chóras: rannóg amháin sa siopa, rannóg eile ar líne; meascán maith sa dá “áit”; cur síos soiléir agus pictiúr in éindí le gach rud. Cód speisialta ag gach leabhar aonair a théann ar an suíomh agus bealach chun iad a aimsiú.

Agus tháinig ceist mhór na bhfocal aníos.
Chuir mé liosta téarmaí le chéile bunaithe i dtosach ar fhoclóirín AbeBooks (siopa mór idirlín, ar le Amazon é, a ligeann do shiopaí indibhidiúla leabhair athláimhe agus uathúla a dhíol ar líne). Ní chlúdaíonn sé sin ach téarmaíocht mhionsonraithe maidir leis an riocht ina bhfuil an leabhar, agus de réir mar a bhí muid ag cur Gaeilge ar an liosta thug mé faoi deara go raibh castacht mhór ag baint leis; téarmaíocht ar mhaithe le téarmaíocht, faoi shainspéis nach bpléitear go forleathan i nGaeilge go fóill. Ní bailitheoir gairmiúil gach duine le Gaeilge a bhíonn sa tóir ar sheanleabhar faoi leith. D’fhéadfadh muid custaiméirí a chur ó dhoras le téarmaíocht ró-chasta mura bhfuil géarghá leis.

Mar sin, ní bhímid ró-dhírithe ar théarmaíocht shainspéise ó tá cur chuige thar a bheith simplí againn: is é an sprioc ná go dtuigfidh an gnáth-chustaiméir, gan dul i muinín an fhoclóra, cén saghas riocht ina bhfuil leabhar faoi leith. Mar sin, déanaimid cur síos daonna air, ag tarraingt ó thobar na téarmaíochta de réir mar is cuí má tá rud faoi leith i gceist. Tá an taighde déanta agus á déanamh againn; rialacha foghlamtha le gur féidir iad a lúbadh agus a bhriseadh de réir mar is cuí.

Dara lámh nó athlámh?

Is fearr liom go mór “athlámh” ná “dara lámh” ós minic leabhair i ndiaidh dul ó lámh go lámh go lámh thar na blianta sula dtagann siad chomh fada le seilf i siopa leabhar athláimhe. Úsáidimid clib fós le go dtiocfaidh daoine orainn ar Google, agus bainimid leas as an leagan eile mura dtuigeann duine “ar athláimh” – ach is breá liom an obair mhór atá ar bun ag an “ath” sin.

Deis os ár gcomhair

Tá spéis againn san ábhar agus cuireann sé gliondar orainn plé leis, ag póirseáil trí bhoscaí agus ag déanamh cur síos ar na leabhair, ag foghlaim faoi stair fhoilsitheoireacht na Gaeilge de láimh. Bíonn an t-ádh linn féachaint ar leabhair uathúla, go háirithe leabhair scoile a bheadh caite amach ag formhór a n-úinéirí tosaigh. Bíonn i gcónaí rud éigin a chuireann ionadh orainn, más céad chló é agus forchlúdach fós air, nó leabhar éigin sínithe ag duine a thug mar bhronntanas é, nó leabhar ina bhfuil neart gearrthóga nuachtán. (Tá súil agam filleadh ar an gceann deireanach sin ar ball!)

Leave a comment