Dialann Díoltóir Leabhar – Ceisteanna agus custaiméirí

Le tamall anuas táim ag sú isteach scéalta daoine eile mar gheall ar a eispéiris ag obair i siopaí leabhar. Rith liom go bhfuil stóras mór nótaí agam féin faoin rud céanna, agus cén dochar…

Leabhair do pháistí
Leag mé béim mhór ar rannóg na bpáistí sa siopa ón gcéad lá, agus eiseamláir feicthe agam roimhe sin agus mé faoi stiúir Lisa Gilmour i Dubray Books (tuilleadh faoi sin i mblag eile!). Na déithe idir mise agus an duine nach gcreideann gur leabhar ceart é an leabhar a roghnaigh duine óg le léamh. “I want a real book, not one of these ones with pictures!”.

Uair amháin, bhí déagóir i ndiaidh leabhar grafach a lorg mar bhronntanas óna seanathair don Nollaig. Ba ríléir ó thús nach raibh aithne iontach pearsanta ag an seanathair ar an déagóir céanna, nó bhí leabhar an-mhaith roghnaithe acu dóibh féin, a shíl mise. Chuaigh an leabhar amach sa phost, ach nuair a thuirling an beart ní mó ná sásta a bhí an seanathair. Ghlaoigh sé orainn le leabhar eile ‘ceart’ a roghnú (sa bhreis ar an gcéad cheann) agus chuaigh mise go deireadh na feide sa chomhrá ag iarraidh rud a aimsiú a bheadh oiriúnach. Tá súil agam gur thaitin mo rogha leis an déagóir – ní bhfuair muid uasdátú ina dhiaidh sin.

Tuairimí agus teagmháil
Ó thuirling an coróinvíreas táim ag caitheamh masc aghaidhe nach mór gach uile lá san obair agus ar an gcóras iompar poiblí. Lá amháin sa bhliain 2022, dúirt duine a shiúil isteach ón sráid go bhfuil mé chun asbestos poisoning a fháil (toisc go raibh masc orm). Abraimis nach é sin an rud deiridh a bhí le rá ag an duine céanna… níor cheannaigh siad aon rud ach oiread!

Dornán daoine go dtí seo a léirigh a míshástach nuair a chonaic siad na brataigh thuarcheathacha a bhíonn ar crochadh agam sa siopa (e.g. táimid ag dul go hifreann) – i gcomparáid le slam mór daoine ar leath meangadh mór aoibhnis ar a n-aghaidh ar fheiceáil dóibh an comhartha ildaite, daoine eile a mhol muid as iad a bheith thuas againn, nó a ghabh buíochas linn, fiú, as iad a bheith crochta. Níos mó leabhar le carachtair aiteacha iontu, le bhur dtoil. (Tá a fhios agam go bhfuil cúpla údar ag obair ar a leithéid – fáilteoidh mé roimh an earra foilsithe!)

Faighimid neart rphost ó dhaoine ag iarraidh a n-úrscéalta iontacha uathúla Béarla a dhíol linn. Míbhuntáiste amháin bídeach a bhaineann le bheith mar bhall de Chumann na nDíoltóirí Leabhar – táimid ar neart liostaí éagsúla, agus ní sheiceálann na húdair sainréimsí na siopaí ar fad! (Is trua go bhfaighimid níos mó nótaí den tsórt seo ó údair Bhéarla ná mar a fhaighimid ó údair leabhair Ghaeilge.)



Córas agus eolas
Ní dóigh liom go dtuigeann daoine siopaí, ná an chaoi go n-oibríonn siad, murar oibrigh siad i siopa iad féin. Ní féidir linn gach rud a thabhairt amach saor in aisce nó níorbh ann dúinn. Ní muidne a roghnaíonn na praghsanna. Níl smacht againn ar rudaí a bheith as cló, ná ar cad a fhoilsítear gach bliain. Níl méid infinideach spáis againn chun stoc breise a choinneáil, ná níl aon seomraí eile againn faoi cheilt. Níl liosta uilíoch leabhar ó thús ama againn ach oiread – cé go ndéanaimid iarracht eolas ciclipéideach a chruinniú chugainn!

Agus bíonn ceisteanna ag daoine faoi nach mór gach rud faoin spéir, seachas faoin gcaoi go n-oibríonn an áit. Seo blaiseadh beag den sruth leanúnach:

  • You don’t sell books in English? At all? (Ní na cinn atá uait, geallaim duit.)
  • Can I print something out here? (Níl an tseirbhís seo ar fáil uainn, ach tá Leabharlann Shráid Chaoimhín gar go leor dúinn!)
  • Do you have this specific medical/engineering/physics journal that definitely isn’t in Irish?
  • Didn’t this used to be a leather shop? (Cúpla doras eile síos an bóthar! Siopa leathair leathair seachas siopa leathair atá ann, go bhfios dom)
  • Is this the art shop? (Cúpla doras eile fós!)
  • Do you sell blank CDs?
  • Do you sell packing boxes for moving house?
  • Ó an é sin Peig? (Ag brath ar cén treo a dtéann an duine, athraím mo chuid freagraí air seo.)
  • Do you know where Marlborough Street is?
  • Where is the Harcourt Centre?
  • Cén treo é Domhnach Broc má táim ag iarraidh siúl ann?
  • Nach mbíodh caifé anseo? (Ní bhíodh.)
  • Oh god, is that Peig? (Is é, agus bhí mé i literal clár faisnéise mar gheall uirthi, an bhfuil tú cinnte go bhfuil tú réidh don chomhrá seo.)
  • An bhfuil Lady Rud-Éigin agat?**
  • I need the book with the lollipop on the front, do you have it?*
  • Do you have any books for children? (…agus iad ag seasamh i rannóg na bpáistí.)
  • Do you have [cuir leabhar mór cáiliúil Béarla anseo] in Gaelic?
  • An bhfuil leabhar agaibh faoin bhfear a chuaigh chuig áit éigin le hobair dheonach a dhéanamh?†
  • An bhfuil leabhar agat faoi dhuine a bhí sa phriosún san Aontas Sóivéadach?‡
  • Have you got wordless books in Irish? (Ní bhím réidh don cheist seo riamh ach cuirtear orainn í sách minic.)
  • Is there an Upper Intermediate book of Gaeilge gan Stró? (…👁️👁️ Gaelchultúr)


Is breá liom na ceisteanna, agus briseann siad isteach i rithim an lae ar bhealach an-deas ar fad. Den chuid is mó bíonn daoine deas lena gceisteanna agus seans go bhfásfaidh comhrá maith as, fiú mura mbaineann an cheist thosaigh leis an obair.

Bíonn orm a mhíniú gach seachtain gur teanga mhionlaithe an Ghaeilge agus nach bhfuil an rogha céanna ábhar ar fáil inti is atá i dteangacha eile. Míním arís is arís nach bhfuil ach méid áirithe foilsitheoirí, méid áirithe airgid… Agus freagróidh mé na ceisteanna céanna an tseachtain seo chugainn!

*Fianaise, Mícheál Ó Ruairc
**Madame Lazare, Tadhg Mac Dhonnagáin
Na bochtáin is boichte, Seosamh Ó Cuinneagáin
Ceistiúcháin, Máiréad Ní Bhreisleáin Uí Cheallaigh

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s